Faoi

Is í an Oifig um Chlárú Cuideachtaí an stór lárnach d’fhaisnéis reachtúil phoiblí ar chuideachtaí agus ainmneacha gnó na hÉireann.

Feidhmíonn an CRO faoi choimirce na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.

Forchoimeádann an Cláraitheoir an ceart aon eolas a chuirtear ar fáil a leasú nó a athrú tráth ar bith.

Ráiteas maidir le Ceadúnas

Ní mór d’úsáideoirí, faoi Cheadúnas CC-BY, foinse na faisnéise ina dtáirge nó ina bhfeidhmchlár a admháil. I gcás nach gcuireann an Soláthraí Faisnéise ráiteas admhála sonrach ar fáil, ba cheart d’úsáideoirí an ráiteas admhála seo, nó nasc chuige, a chur san áireamh: “Tá Sonraí Earnáil Phoiblí na hÉireann san áireamh arna gceadúnú faoi cheadúnas Admhála Creative Commons (CC BY 4.0)”.